Má tá deacracht airgeadais agat, nó má tá imní ort go dtitfidh tú ar gcúl i do chuid íocaíochtaí morgáiste, ba chóir duit labhairt le d’iasachtóir a luaithe is féidir. Ná tabhair neamhaird ar an bhfadhb.
Mura mbeidh tú ag plé le d’iasachtóir, ní bheidh d’iasachtóir ábalta do staid airgeadais a mheas ná ní bheidh sé ábalta cabhrú leat chun tú a chur ar an mbóthar ceart arís maidir le do mhorgáiste. Má dhéanann tú teagmháil le d’iasachtóir ag céim luath, b’fhéidir nach rachaidh do staid airgeadais in olcas.
Tabharfaidh d’iasachtóir leabhrán eolais duit ina míneofar, i measc nithe eile, an nós imeachta atá ag d’iasachtóir chun plé le hiasachtaithe a bhfuil deacracht airgeadais acu, mar aon le hamlínte ábhartha. Tá sé tábhachtach go léifidh tú an leabhrán seo go cúramach, agus go bhfaighidh tú comhairle iomchuí más gá, chun go mbeidh tuiscint shoiléir agat ar an bpróiseas atá ag d’iasachtóir chun tú ar a chur ar an mbóthar ceart arís maidir le do mhorgáiste.
Ní mór duit faisnéis a thabhairt faoi d’imthosca iomlána, do staid airgeadais phearsanta san áireamh. Is gá é seo a dhéanamh chun go mbeidh d’iasachtóir ábalta a mheas cé na réitigh a bheidh oiriúnach agus inbhuanaithe duit.
Tar éis dó athbhreithniú a dhéanamh ar do staid airgeadais, b’fhéidir go dtairgfidh d’iasachtóir socrú malartach aisíocaíochta (SMA) duit. Is ionann SMA agus comhaontú nua le d’iasachtóir chun dul i ngleic le riaráistí nó deacrachtaí airgeadais.
Tá go leor SMAanna éagsúla ann ar féidir le d’iasachtóir a thairiscint duit. Míneoidh d’iasachtóir duit cén fáth a bhfuil SMA ar leith á thairiscint aige duit agus cén fáth nach bhfuil cineálacha eile SMA á dtairiscint acu.
Tá an Banc Ceannais ag súil go mbeidh iasachtóirí ag plé leat – i gcomhréir leis an gCód um Chosaint Tomhaltóirí agus leis an gCód Iompair um Riaráistí Morgáiste – chun go gcuirfí réitigh oiriúnacha inbhuanaithe ar fáil agus chun go gcuirfí a oiread iasachtaithe agus is féidir ar a mboinn arís ó thaobh a gcuid fiach a aisíoc.
Ba cheart duit smaoineamh freisin ar theagmháil a dhéanamh leis an tSeirbhís Buiséadaithe agus Comhairle Airgid (SBCA) mar seans go mbeidh siad in ann cabhrú leat. Is seirbhís comhairle airgid an Stáit í an SBCA agus is féidir léi cabhrú leat má tá fadhb agat le fiacha nó má mheasann tú go mbeidh fadhb agat leo amach anseo. Is seirbhís saor in aisce, rúnda, neamhspleách í.
Chomh maith leis sin, tugann an stát tacaíocht d’iasachtaithe morgáiste a bhfuil deacracht airgeadais acu. Beidh MABS ábalta a rá leat má tá tú incháilithe le haghaidh tacaíocht den sórt sin.